Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 249
- XML “Baile Fearainn - An Eaglais”
- XML “Baile Fearann - Min Aird Thoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)2: Tá lios eile ar an dtaobh thuaidh de sin, é inaice tighe Sh. Uí Phrindibhil. Deirtear go mbíodh ceól sidhe agus uaireannta daoine ag gol le cloisint ann fadó. Thug na sídheóga bean ó'n Mináird Thiar, leo isteach ann uair agus d'fhágadar bean eile (iarlais) 'na hionad. Bhí amhras ag mnáibh an bhaile gur mar sin a bhí--chuadar isteach 'na tig lá, dheargúiodar bior iarainn sa teine agus bhíodar chun í dhóghadh nuair a theich sí agus tháinig an bhean eile abhaile.3: Tá lios eile ar an Eaglais in aice tighe Dhonnchadh Uí Ghailleabháin. Bhí bean ar an mbaile --tá sí caillte trí fichid bliain, agus dob' iongantach an t-amhránuidhe agus rinnceóir í. "Nell Bhán" a h-ainm. Chualaidh sí an ceól sidhe istig sa lios seo oidhche agus thug sí an oidhche ag éisteacht leis. Deirtear gur rínnc sí in éinfeacht leis na daoine maithe , agus gur fhoghluim sí an ceól sidhe uatha. 4: Ta lios eile ar thalamh Mhicil Mac Gearailt timcheall le ceathrú mhíle ó thig Sheamuis Phrindibhil. Ana ghairid do thig an Ghearaltaig leis. An déanamh ceadna air agus tá ar na liosanna eile.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.