Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 272

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 272

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 272
  3. XML “Suantraí na Maighdine Muire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Suantraighe na Maighdine Muire.
    Artha é seo a bhíodh ag daoine áirithe. Dá mbeadh duine i mbaoghal bháis deireadh bean na paidreacha seo, agus da n-eirigheadh léi iad a rá síos go deire gan dearmhad comhartha a b'eadh é go raghadh an duine i bhfeabhas.
    1: An chéad dólás a bhí ar an Maighdin Muire is í ag féachaint ar a leinbh nuair a rugadh i stábla é gan tig áitreabh ná baile.
    hé hó héd síos dom a mhúirnín m'anama
    hé hó héd sios dom a rí geal na bhflaitheas.
    2: An tarna dólás a bhí ar an Maighdin agus í ag féachaint ar a leinbh nuair a tháinig scéala ó Éigipt a bhreith leithe an leanbh.
    hé hó héd síos dom... agus araile.
    3: An triomhadh dólás a bhí ar an Maighdin agus í ag féachaint ar an leinbh nuair a rugadh ar ghéaga air agus baineadh a léine dho gan taise.
    hé hó ..agus araile.
    4: An cheathramhadh dólás a bhí ar an Maighdin agus í ag féachaint ar a leanbh nuair a cuireadh an choróinn spíonta air agus a chuid fola leis go talamh.
    hé hó héd ...agus araile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry