Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 404

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 404

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 404
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Páirceanna agus a nAinmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    7.Log na gCapall: Deirtear go mbíodh log mór uisce ann fadó agus go stadadh na capaill ag gabhail an bóthar dóibh chun deoch a d'ól ann.
    8.Baile-na-Saor: Bhíodh saoir-cloiche go flúirseach ann fadó.(Baile na Saor beag, Gort na gCuileannach agus Cluain a' Chóta na seanainmneacha ar an áit.)
    9.Bánog:(a) An baile suidhte i gclais nó i gcam ag bun an chnoic aus foithin maith aige. (b)Deirtear leis gur de bharr an talamh a bheith curtha go minic fadó ann a fuair an baile an ainm Bán-óg.
    10.Baile 'n Bhogaig: Bogach nó portach san áit. É suidhte ar cliathán an chnuic.
    11.Mám a'-Ghurráin:-Ar an dtaobh thuaidh de Bhaile'n Bhogaig ar chliathán an chnuic. Tá Mám ar an gcnoc san áit sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Baile Fearainn:- BÁNÓG
    1) PÁIRC a' tSNAITH
    Is ann a leathadh na mná a gcuid snaithín lín chun é bhánú sa tsean aimsir. Bhíodh sé clúdaighthe le snáithín ó chúinne go cúinne. Chaithidís fanacht ag faire ist oidhche ar eagla go ngoidfí uatha é.

    2) CNOC na nGAMHAN
    Bhíodh sé lán d'aiteann agus do sceacha, agus chuiridís na ba isteach ann i bhfolach ós na báillí. Is minic a bhíodh gamhna ar iarraid ar feadh cúpla lá sar a bhfaighdís ann iad.

    3) GLEANN MÓR
    Tá gleann mór doimhin innte

    4) GORT an IOMAIRE
    Páirc mhór fhada go mbíodh iomairí breághtha phrátaí innte.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry