Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 412

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 412

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 412
  3. XML “Log na gCapall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1) PÁIRC na nDÓMHNALL
    Do bhí buachaill ó Chaisleán a' Ghriadhaire ag obair ag feirmeóir anso ar an Mináird bris is céad bliain ó shoin agus thárlaidh achrann éigin idir é agus buachaill ó'n áit seo. Do buadhadh an fhear óg Chaislean a' Griadhaire agus chuaidh sé abhaile go feargach. Do mhóidig sé go mbeadh dioghaltas aige mar is dócha go raibh léasadh maith fachta aige.
    Bhailig sé chuige cabhair go leór, an Domhnach 'na dhiaidh san thugadar aghaidh ar an Mináird. Thánadar treasna Bearna na Gaoithe agus droch fhuadar fútha. Bhí muinntir na Mináirde díreach t'réis aifrinn nuair a chonnaiceadar chúcha na strapairí móra agus bata mór 'na láimh ag gach fear díobh. Thuigeadar cá raibh a dtriaill agus cheapadar gur fearr rith maith ná droch-sheasamh. Ritheadar le fánaig agus a namhaid ar a dtóir. B'éigin do fir óga na Mináirde an fód do sheasamh i bpáirc mhór i Log-na-gCapall agus troideadh cath fuilteach. Bhí an cath ag dul 'na gcoinnibh go dtí gur tháinig cabhair chuig muinntir na Mináirde agus marbhuigheadh triúr de'n lucht ionnsuidhthe. B'é Dómhnall an ainm baiste a bhí ar an dtriúr, agus do réir seanchaidhthe na h-áite b'shin é an fát gur glaodhadh "Páirc na nDómhnall" ar an bpáirc sin riamh ó shoin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry