Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 426

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 426

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 426
  3. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    croidhe ró-gheanmnaidhe na Maighdine Muire,
    Agus le h-íntinn do chroidhe ró naomhtha féin
    M'uile smaointe, mo bhriathra, mo ghníomhartha,agus gach a bhfuil i ndán dom d'fhulaing ar feadh an lae seo. Amen.
    4. Ag Eirighe dhuit ar Maidin:-
    Túirling a Spioraid Naoimh da'r n-ionnsuidhe agus líon croidhthe t'fhíreán agus adhain ionnta teine do ghrádh duit, Cuir chúghainn do spioraid agus cruthaigh iad, agus déanfaidh Tú aghaidh na Talmhan d'athnuadhchtaint.
    5.Ar Fágáil do thighe Dhuit:-
    Leanfad Tú a Thighearna,pé áit go ngeobhair, de bhrígh gur agatsa atá Bréithre na Beatha Síorruidhe.
    6. Ar do chasadh abhaile dhuit:-
    Oscluighid dom dóirse an chirt, agus ar mo dhul isteach dom déanfad admháil do'n Tighearna.
    7. Roimh Labhairt:
    A Íosa a Mhic Dé, a bhí ciúin os comhair Pioláit, ná leig dúinne á'r dteanga do luascadh gan smaoineamh ar cad atá againn le rádh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Mhuineacháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    82
    Gairm bheatha
    Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Acres, Co. Kerry