Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 459
- XML “Scéal - Seán ach Séamais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tú”, arsa Maírín leis an cailín, “marbhóchaidh sí siúd thú.” “Ná bac san a mháthair”, arsan cailín, “tástálfaidh mé ach go h-áirithe é”, agus chuireadar chun bóthair í féín agus athair Sheánach Séumais. Sé an tslighe a tháinig sí ná ar chúlóig anáirde ar an gcapall agus thóg sé seachtmhain díreach uatha teacht abhaile. Bhí ana áthas ar a bhean nuair a chuadar isteach chúiche. Níor chuaidh an cailín go dtí an lios go dtí tráthnóna lár na bháireach. D'ullamhuig sí suas í féin agus chuaidh sí go dtí an lios. D’fhan sí tamall ag faire féachaint an dtiocfadh Cliodhna amach. Níor dhearmhad Cliodhna teacht nuair a bhí an ghrian ag buidheachtaint. Do léim an cailín agus rug sí ar chúl gruaige ar Chliodhna agus
dubhairt: –“A Chiodhna, a bhean bhinn bhéasach,
Go mbeannuighe Críost duit agus na Naoimh le chéile,
Conus tá agat Seánach Sheumais,
Ar phós sé fós nó an bhfuil gan déanamh,
Nó an bhfuil aon óig-bhean ar t-eolas Réidh leis.”Dubhairt Cliodhna: –(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gabhlán Ard, Co. Kerry