School: Scoil N. Erc
- Location:
- Baile an Mhúraigh, Co. Kerry
- Teacher: Bean Uí Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchas i dtaobh na h-aimsire.An Ghrian
Nuair bhíonn teas ro mhor ón ngréin ró mhoch ar maidin,deir na seandaoine na seasóchaidh an lá go mór mhór muna bé an Samhradh é. Má bhíonn an ghrian dearg ag dul fé tráthnóna cómharthaí aimsire breagh iseadh é. Nuair is deacair feuchaint ar an ngréin le linn dul síos di is gnáthach go mbíonn báisteach air. Nuair bhíonn cosa ón ngréin tráthnóna lé línn dul fé deirtear gur cómharthaí droch-aimsire é. Nuair a mhúchann an ghrian i gcaitheamh an lae bíonn báisteach air. Nuair bhíonn sí glan dearg ag dul fé di agus gan feuchaint ró fhairsing aici beidh aimsir bhreagh agus tiormach uirthi.
Nuair dheirigeann sí an spéir ag dul fé dhi cómharthaí aimsire breagh iseadh é.
An Ghealach
Nuair bhíonn iniomad siubhail fén ngealaig tá an ghaoth os ár gcionn agus ní fada go(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Bean Uí Chinnéide
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir