Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 808
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear saidhbhir ann fadó. Do bhí sé ag tógail caisleáin dó féin agus an méid a thógfadh sé san bheadh sé leagtha san oidhche. Bhí sé ag dul már sin ar feadh cúpla seactmhain. Ansan do cuir sé fear a bhfeigil go bfeiceadh sé cad a bhí ag tuitim amach. Nuair a tiocfadh fear an caisleán ar maidin ní beadh an fear eile ann. Taréis cúpla oidhche ní fhanfadh éinne ann. Dubhairt an fear ansan go dtabharfadh sé an caisleán do aon fhear a dfanfadh ann agus a bheadh ann ar maidin. Taréis tamaill tháinig fear agus chuaidh sé go dtí an caisleán chun bheith á bfeighil. Timcheall a dó a clog tháinig fear aníos tríd an úrlár agus eirball mór fada air. Dubhairt sé leis an fear "íosfaidh mé thú" agus dubhairt an fear "íosfadsa thusa" leanadar mar sin go dtí glaoidh an coilig ar maidin. Diompuigh fear an earbaill agus nuair a bhí sé ag dul trídh an úrlár do thóg an fear eile greim ar an earball. Nuair a tháinig fear an caisleáin ar maidin bhí an fear eile na chodladh ar an úrlár agus ní fhaca aoinne fear an earbaill ó shoin amac.
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Rócáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios na mBóbhán, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Séamus Aghas
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Lios na mBóbhán, Co. Kerry