Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 891
- XML “Ainmhithe na Feirme”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag glaodhach ar an muic. Tioc! tioc! leis na cearca, "Biadh! biadh!" leis na turcaithe, "Beadaí! beadaí! leis an gé, "Fín! fín!" leis na lacain. Siad na h-ainmeacha atá ar ár mba: Báiní, Bricí, Caráinín, Blaicí, Dearg, Cúibí agus Bleánann. Cró na mba a glaodhtar ar an tig na mbíonn na ba. Le slabhra agus búarac bhíónn siad ceangailte. Na daoine féín a deinean an búarac, as gruaig eirbeaill no mbó. Gainimh a cuirimíd fé na ba mar leabaid gach oidhche.
Diarmuid Ó Dúbhda,
Baile na Leacan - Siad seo na h-ainmhidhthe atá in ár bfeirm, ba, capall, asal, caoirig, gabhair, cearca, lacain, turcaithe agus géana. Nuair a bhíonn duine ag glaodhach ar na h-ainmhidhthe cun bídh a thabhairt doibh, deireann sí do na cearca, Tioc! tioc! do na turcaithe, Bídh! bídh! do na lacain Fín, fín! Doc! doc! leis an muic. Nuair a bhíonn duine ag seóladh na ba Huis! huis! a deireann sé, do na caoirigh Cuis! cuis! Nuair a bíthear ag tabhairt baine do na gamhna, Súcaí beag! sucaí beag!(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ua Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Maire Bean Uí Concubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí