Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 827
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí seana fíghadóir i Lios na Cáol Bhuidhe in aice Bréandáin dar ab ainn dó Robáird Downes agus do dhein sé an séol agus bhiodh se ag deanamh flainín ann. Bhí fear i gCeapach Thaidhg agus bhiodh sé ag déanamh turn sníomheacháin agus alán úirlisí eile as adhmadh. Bhí Fígheadóir eile i mbóthar buidhe dar ab ainim do Bhrian agus bhí cáil mhór ar an éadach a deineadh sé. Bhí fear i mbaile Dúinn dar ab ainim do Murchada agus bhiodh sé ag déanamh coinnlí. Bhiodh rud cruinn fada aige agus annsan leaghfhadh sé geir. Bhiodh córd aige istig san rud crúinn agus leagfhadh sé an geir isteach ann agus d'fágadh sé istig ann é go mbíodh sé cruaidh. Bhiodh staile á dheanamh fado as as na prátaí, is amhlaidh a bainfí an plúir den phráta agus é fhásgad go maith agus an t-uisge a thaghadh amach abeadh an staile.
- Bailitheoir
- Maitias Ua Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Seamus de hÓra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Bhiodh mórán daoine ag déanamh slighthe bheatha is fígheadóracht annso sa tsean aimsear. Bhí beirt fígheadóirí i mbóthar buidhe in aice Chlocháin darbh aim Míchéal agus Éoghain Ua Núallácháin. Bhí fígheadhóir eile i lios na Caol Bhuidhe (in aice Breandain) san am deadhna darbh ainm Rabárd Domhains. Se an ceann is déanaighe a bhí sa paróiste seo ná Míchéal Ua Neill ó Thir. Níl(leanann ar an chéad leathanach eile)