Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 840

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 840

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 840
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá rúta go dtugann siad compari mar ainm air deintear an croiceann a bhaint de agus é bhrúghadh go dtí go mbeadh na praiseach agus annsan é chur le cneadh nó áit go mbeadh pian ann. Ta rúta eile ar a glaofhtar Slanlas, d eintear é bhrughadh idir dhá chloich cun é do bhoga agus deirtear go bfuil sé go maith mar leigheas do rudaí tinne. Meacan na Tá t abha. Rúta eile é sin. Deintear ceiridhe de agus annsan cuirtear le naoscóid é. Ta salacar eile ag fás ar a glaodhtar grúnlas agus tugtar do beithíot a bheadh bruinne dhearg aige. Geibhtear préamh cupóige agus deintear é bheiriú le ím agus sulfar agus cuirtear le rud tinn é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a bhiodh ceann tinn ag aoinne sa t sean aimsear dheinidís caipín den eidhnean agus cuiridís ar an ceann é. Deiridís go dtarraingheadh an eidhnéan an t-uisce as an ceann. Nuair a bhíod ceathrama dubh ag na h-ainmhithe fadó geibheadh na daoine neanntóga agus deinidís iad do bheiriú
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Dhúbhda
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Seanchoirp, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Maitias Ua Dúbhda
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    Gleann Seanchoirp, Co. Kerry