Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 859
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin bhí sé go maith arís.Tobairín. Deirtear má ólann aoinne an t-uisge sin, ní bheadh aon troibliód aige dul suas an Eisc ar an slighe suas go barr Chnuich Bhréanainn.
- Tá tobairín Beannuighthe ar bhárr Chnoc Bréanainn. Téigheann alán daoine ann gach blian ar an 29adh lá de Mheitheamh. Togann gac aoinne buidéal leó cun braon den uisge a thabhairt abhaile. Nígheann gach aoinne a lámha agus a chosa ann. Dá mbeadh máchail ar dhuine deirtear go leighisígheann uisge an tobairín é.Tá tobar beanuighthe eile i Taobh a' Cnuic inaice le Baile Bréandaín. Glaodhtar tobairín Flaínn air. Flann ab ainm don Naomh a bhí ann. Teígheann na daoine ann ar an 29adh lá de Mheitheamh agus deineann siad Rounds ann. Deirtear dá ólfhadh aoinne an t-uisge, ná bheadh an radharc ró mhaith aige go leigheasfadh an tuisge é.Seán Ua Murcadha, Doire na Muice
- Bailitheoir
- Seán Ua Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Michéal Ua Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Clochán, Co. Kerry