Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)
- Suíomh:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Múinteoir: S. Ó Téacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aoine an Chéasta:-Ins an lá sin téigheann na buachaillí agus na cailíní go dtí an tráig chun cnúsach trágha a d'fháil do'n dinnéar. Siad na rudaí a piocann siad ná miongáin, ruachain, bárnuigh srl.
Lá 'le Pádhruig:-Caitheann gach duine seamróg, lá 'le Pádraig.
Lá le Muire san bhFóghmhar:-Bíonn an patrúin i gCaisleán Ghriaire an lá san. Bíonn an-lá ag an aos-óg. Insan t-sráid bíonn a lán cábán agus ubhla agus rudaí deasa á ndíol ionnta.
"Lá 'le Muire na Duimhche", a tugadh ar an lá san fadó. Ins na Dumhacha a bhíodh an patrún fadó. Deirtear gur tháinig long isteach i mBágh Breánndain agus gur thosnuig na robálaidhthe ag chaitheamh urchar. Rith na daoine go léir chómh tapaidh in Éirinn, go dtí gur shroiseadar an Caisleán. As san amach bhí an patrún i gCaisleán Ghriaire.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Ní Ceabhrail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Castlegregory, Co. Kerry