Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)

Suíomh:
Killorglin, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 370

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 370

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killorglin (B.)
  2. XML Leathanach 370
  3. XML “Cé acu Gleann na gCoileach nó Gleann na gCaileach an tAinm Ceart”
  4. XML “Uaigh na dTrí Rí, Bóthar na Lochlannach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Uaigh na dTrí Righthe agus Bothar na Lochlannach
    Tráthnóna ile agus mé ag caint le Dóm. Ó Duibhir luaidhte cheana, do theasbáin sé dhom i gcúinne páirce in aice a thighe féin trí clocha agus a mbarra os cionn talmhan agus dubhairt sé gurbh é suid "uaigh na dtrí righthe." Nuair a bhithear ag baint mhóna ins na portachaibh sa Baile Fearainn seo de Mhuing a' Phúca, dubhairt liom gur castí ortha uaireanta fad ó giota mór fóla timcheall ceithre fóid i ndoimhneacht fé uachtar an phortaigh ach gan aon chnamha bheith le fhaghail. Is deallrathach gur buaileadh troid san áit seo le Ré na Lochlannach mar tá giotaí sean-bhothair le feiscint annso fós ag dul soir tríd an Roinn agus siar go dtí Ros Beithe agus an Cromán cois na farraige áiteanna go dtagaidís na Lochlannaigh i dtír go dtí gur briseadh cath ortha ag Muinntir Mhuircheartaigh ó Corca Duibhne agus ag Muintir Locha Léin timcheall 831(?)
    Deirtear liom go raibh an bothar so marcálta ar léarscalaí an Ordnance Survey bliadhanta ó shoin agus ní fheaca aon cheann acu súd.
    M. Ó Donnchadha, P.O. Cill Fhorglan
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.