School: Dubhghlas (B.)
- Location:
- Douglas, Co. Kerry
- Teacher: Seán Mac Giolla Phádraig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhghlas (B.)
- XML Page 263
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tráthnóinín aoibhinn m'im shuidhe cois na leacan do chonnac-sa mo bhuachaillí ' gluaiseacht chun seatha...”
Siobhán ní Larfhaite a dhein an píosa seo leanas.
bhí féith na filíochta fúithe 7 bhíodh sí ag gabháil timcheall na háite ag sníomh.
Ag Rae an Chait d’imrigheadh an chluiche seo suas le trí fichid blian ó soinSíle Ní Raghallaigh d’athris dom é.
Trathnóinín aoibhinn m’im shuidhe cois na leacan, Do chonnac-sa mo bhuachaillí 'gluiseacht cun reatha, Do bhuaileadar suas í fé uachtar an bhaile, Do chuireadar á mbádhadh iad i muing báidhte ‘sa bpuill maidí.Do ghluaiseadar inuas chúghainn go h-uasal mear tapaidh, Lasad ‘na ngruadhanna agus gan iad do ghéilleadh bheith marbh, D’fhiafhruighead ar dinn-ne cár fhágmair na fearaibh D’fhágamair shuas iad ag glaodach ar na sagairt.Tháinig crampaí ‘na nglúnaibh 7 d’alt suas a n-alta, Thuit allus ar a súile mar thuitfeadh an sneachta, Ní hé an leamhnacht úd d’óladar ná an tae bríoghmhar mar mheasaim, Ach an braoinín blátaighe leis na prátai.Tháinig an smóilín ar dath-bhláth an aitinn, Ag féachaint ar na trean-fhir do bhí gléasta chun reatha, An iad san trúp Éilion ón nGréig chúghainn do thaisteal, Nó mór-shluaighthe na Féinne, nár tréigh riamh lán catha.(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Raghallaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Síle Ní Raghallaigh
- Gender
- Female