Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
Cromane, Co. Kerry
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Aimsir The”
  4. XML “Fir Mhaithe”
  5. XML “Fir Mhaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aimsear Theith.
    Bhí an aimsear fadó ana bhreágh, bhí sé chó theith, an mhóin a gearfí ar maidin gófí sa tráthnóna. Is deacair thuit amach le aimsir bhrágh. Níl droch aimsir ann anois.
    An tiasgra bhíodh sé fluich ó bhonn a coise go dtí a ghualainn.
    Pádraig OGríbhthín, Glaise, IV Rang,
    Ó Mícheál Ó Teachain, Glaise, iad seo. 74bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do rith Seán Ó Foghladha ó Dúmhacha go Cathair Saidhbhín i dhá uair.
    Níl sé in a beathaigh anois
    Dhein sé é seo fadó.
    Do leim Mícheál Mac Suibhne ó Dúmhacha trí slata ar aired.
    Do thuighe Dómhnall Mac Suibhne trí thighe san lá, tá sé in a chómhnuidhe ins na Dúmhaca, tá sé in a bheathaigh anois.
    Eóghan Ó Foghladha, Dúmhacha IV Rang.
    Ó’m Sean Athar: Seán Ó Foghladha, 78 bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Do thóg Donnchadh Ó Séaghdha mála mine amach as siopa agus chuir sé isteach i cairt capaill le aon láimh amháin.
    Do rith Tadhg Ó Séaghdha, ó Glaise go dtí Cill-Orglan, cun an seagart i gcóir a mháthar, i leath huair a chluig.,sin 5 míle.
    Mairtín Ó Clúbháin, do gearr sé acra ó ocht a chlog ar maidin go dtí cúig san tráthnóna.
    Pádraig ÓGríbhthín,
    Glaise, IV Rang.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig O Gríbhthin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cromane Upper, Co. Kerry