Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
Cromane, Co. Kerry
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 080

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 080
  3. XML “Scéal mar gheall ar Phiast”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nior thainig sí isteach i gcannas.
    Bhí na h-éin léimh thigh an uisce aici chun go dtáinig sí isteach sa talamh.
    Bhí fear ag teacht ó gach áit í d’feiscint.
    Bhíodar ag teacht go dtí go raibh an tráigh timcheall an locha lán.
    Bhí na fear mhaith d’iaraidh í do mharbhughadh.
    Timcheall a haon a clog sa lá, do tháinig fear ógh laidir agus cluith maith eadaighe uasal air.
    Bhí capall mhaith marcuigheact fé.
    Bhí srian agus iallat ar dath an óir ar an gcapall.
    Do dhein sé fé dhéin na peiste, agus nuair tháinig chuige d’oscail sé a béal chun i dtite.
    Bhí líathroid na lamh dheas aige agus nuair a chonnaich sé a bheal oscailte, do chait sé an liathroid siar na bolg, agus dhéin sé dhá loma leath de.
    Bhí an bean óg ag faire ar an bhfear.
    Do dhein sí leis isteach nuair a bhí an piast marbh agus bheir sí an bhruachas de.
    Nuair a bhí san deanta d’imtig na daoine abhaile.
    Chuir áthair an chailín gairm scoile amach, bocht agus nocht a theact chuige chun dínneir d’faghail. Bhailígeadar agus d’itheadar an dínneir.
    Ghaibh an bhean ógh timceall leis an bhrig ag feacaint an raibh aenne ann go raibh bhrog ag teastál uaidh agus ni fhuair sí aenna an oidhche sin.
    Tar eis a 12 a clog d’imhthigh na daoine abhaile bhí a dinneár le bheith ann ar fead seachtmaine. Tháinig na daoine an oidhche na dhiadh sin arís agus chaiteadar an dínneir.
    Tháinig fear capaill amuigh. Phreab feara
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig F. Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Raithille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Cromane Upper, Co. Kerry