Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
Cromane, Co. Kerry
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall 50 blian o shoin d'fág feirmeóir Oileán Stúaca i cárr- cliathanach agus chun airgeadh d'fhágailt san mbannch i dTráglí. Caith sé an lá ag ól deoch, agus gach aon ní eile, agus bhí an oidhche aige ag teacht abhaile. Nuair a bhí sé ag dul suas cnoch Tráiglí bhuail bhean áluinn leis agus d'fiafruigh sé dí, í do thógaint suas san cár-cliathánach.
    Do stop an fear an chapall agus shuid an bhean anaiche leis.
    Nuair chuir an bhean a lámha ar an carr bhí fhios ag an bhfear nách lámhbean a bhí acht lámh fir, mar bhí a lámh mór, ach is amhlaid a bhí éadaigh bean air.
    Bhí scannradh ar an bhfear mar bhí 300 púnt na phóca aige.
    Bhi sé ag cúineamh cad a b'fheárr leis a déanamh.
    Bhí gaoth mhór ann agus do caith an fear a hata uaidh.
    Dúbhairt sé leis an bhean dul amach cun a hata d'fhághail. D'fhágh sí an ciseán isthig san cárr. Nuair a chuaidh sí amach chun an hata d'fhagail do chuir an fear an capall ar cos anáirde agus níor stad sé go dtáinig sé go dtí Caisleán Na Mainge.
    Nuair a tháinigh sé go dtí an áit sin d'oscail sé an ciseán.
    Cad a bhí ashthig ann acht dhá gunna agus urcair.
    Ní h-aon bhean a bhí ann acht bitheamhnach a bhí ann cun é do mharbú agus a cuidh airgead dfháil uaidh.
    Ceap sé ná raibh fhios ag aoinne go raibh an t-airgeadh acht an cléirach bainc a thug an t-airgead dó.
    Diarmuid O Gealbháin.
    12adh lá Mí na Nodhlag. 1928. Rang V.
    Fuaireas é seo:- o
    Micheál O Gealbháin. 48 bl.
    Cromán, Cill-orglan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid O Gealbháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Miceál O Gealbháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Seoladh
    Cromane Upper, Co. Kerry