Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Tullaha, Co. Kerry
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a tháinig an dubh ar na prátaí ní raibh aca ach arbhar ach pé méid a bhí ann ní choinneóchadh sé ina mbeathaidh iad mar ní fhásann an t-arbhar ró-mhaith annso pé saghas aimsire a bhíonn againn. Ní bhíonn ach stáca nú dó ag gach feirmeoir fé láthair agus suas le trí malaí coirce ag gach ceann.
    Ar an min bhuidhe a bhíodar ag brait agus nuair ná raibh an t-airgead raidhseamhail ba dheacair é d' sholáthar. Ithidís turnapaí agus cabáiste go minic, agus d'airigheas seanbhean ó Ghairidhleitir a rádh uair go bhfeaca sí beirt bhan ag troid go fíochmhar mar gheall ar phréachan a fuaireadar i gcoill an Ghaorthaidh. Bhí coill mhór ann an uair sin. Bhí tigín beag ag triúr ban lámh le droichead Ghairidhleitir ar thaobh an tseana-bhóthair idir Bunán agus Gleann Garbh agus chomh túisce is [a] gheibheadh bean bás chaitheadh an bheirt eile laistigh den doras í, agus nuair a d'éag an tarna duine, fuair an corp an íde chéadna, agus bhí an triúr marbh nuair [a] tháinig an carráiste -"Buggie Nóra"- chun iad do thionnlacan chun na roilige seo an rann mar gheall ar an gcarráiste:-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Milleens, Co. Kerry