School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 262
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ach dubhairt sé go réabadh na daoine bochta na hiomaraidhe ar lorg na sciollán go minic.
    Deireadh na seandaoine go raibh "rud éigin san aer" a chuireadh lagachar ar na daoinibh agus dá n-itheá béile bídh do bheadh orcas ort airís i gcionn leath-uaire a chluig. Bhí fear i mBarr Iarthach (Bonán) an uair sin agus bhí buachaill aimsire aige ag obair tamall maith ón dtigh. D'ith an máighistir a dhinnéar agus bhuail sé iallait ar an gcapall chun dinnéir a thabhairt don mbuachaill aimsire acht ní raibh an fear leath na slighe (an slighe sa lámhscríbhinn) nuair a ghaibh an t-ocras air. Pé scéal é d'ith sé dinnéar an bhuachalla agus thug sé an capall dó chun dul abhaile chun greim bídh d'fhagháil.
    In aimsir an ghábhtair deineadh an bóthar nuadh idir Neidín agus Gleann Garbh. Ba mhór an leas do na daoine bochta é mar gheibhidís obair le déanamh ann. Is suarach do admháil go raibh an díolaigheacht ana-bheag ar fad. Deich bpingine de ló gheibheadh fear an drill agus idir raol agus ocht bpinginí na daoine eile. D'airigheas leis go mbíodh na mná ag obair ann agus ar bhóthar nuadh a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Milleens, Co. Kerry