School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 292
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thráthnóna.
Maidir le cúram na gcos coinnigheann cuid dos na daoinibh uisce na gcos isteach go maidin, agus caitheann daoine eile amach é á rádh san am céadna "seachanaidh" do na "daoine maithe" is dóigh liom, agus iompuigheann siad an mhias béal fé agus iad á fhollamhú.
Is iad na chéad bhróga a chaith daoine na háite seo ná "bróga perc". Thugadh daoine ó Mhagh Chromtha go Neidín iad i gciseánaibh agus díoltaí i mbolg na sráide iad lá aonaigh nú margaidh. Dá dtéigheadh lucht caithte na mbróg ró-chómhgarach don teine bheireadh an teine orrtha agus thagadh múchóg asta. Chuiridís píosa de pherc leo airís agus bhí úirlis éigin chun é do dhéanamh acht theip orm a ainm d'fhagháil ó éinne.
Ceithre fichid blian ó shoin bhí a lán gréasaidhthe sa pharóiste agus obair a ndóthain le déanamh aca agus anois níl éinne ag déanamh bróg ann. Bhí aon ghréasaidhe amháin ann acht ó tharraing sé siopa air níor chuir sé taoibhín ar bhróig. Acht féadann na buachaillí agus na seandaoine snáth céireach do dhéanamh, taoibhín do chur agus buinn fé bhrógaibh leis.(continues on next page)- Informant
- Donncad O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 79
- Address
- Deelis, Co. Kerry
- Informant
- Murt O Séaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 94
- Address
- Killabunane, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig O Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Dromagorteen, Co. Kerry