Scoil: Landsdowne (Cuar na gCoileach) (uimhir rolla 6091)
- Suíomh:
- Coornagillagh, Co. Kerry
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fearainn béag i Doire-mÍd gan loch naabha innthe. Innstear sceal imeasg na ndaoine fós idtaobh mna ná raibh ró mhór le cómharsan éigin dí a tháinig cuicí ag lorg íasachta de dhiallait. Bhí sí istígh sá tíg agus an doras dúnta. Núair a chuala sí an guth amuigh ag glaodhach úirthe an diallath a tabhairt dó, sé an freagra a fúair sé úaithe istigh ná "nach bhfuil fhios agat go bhfuilim im' chodhladh".
Timceall a h-ochtó bliadhan ó shoin dóigheadh beirt leanbh sa mbhaile mbeag só. Bhí nós ag na leanbaí a bheith amuigh imbun na mbó agus bíodh "brothóg" a róstáil acú amuig cun an t-ocras do baint diobh. Dó chuaidh a gcuid éadaigh tré theine agus fuaireadar araon bás ín dtóighteán. Co ceathrar a bhí már gaol idir an mbeirt agus bhíodar súas len a h-ocht de bliadhanta. Níl ach beirt scoláire ag dul on áit seó anois in a bhíodh lán na scoile fadó.