Scoil: Leithead
- Suíomh:
- Lehid, Co. Kerry
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 008
- XML “Scéal Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal púcaíAon tráthnóma amháin bhí cailín ó Leithead taobh amuigh don doras agus bhí a mháthair féin [i]na tean[n]ta. Bean ana-lag ab eadh a máthair.. Do chuala(dh) an cailín an fothram mór agus annsan chuala(dh) sí na bórdaí ag tuitim agus bord amháin ag tuitim na(!) diag (=diaidh) na [m]bordaí eile. IS ar an ghairdín ar c[h]úl an tighe a chuala(dh) sí iad ag tuitim. D'fhiafhruidh sí as a máthair ar chuala(dh) sí an glór. Agus dubhairt a máthair nár chuala(dh) sí. Annsan chuala(dh) an cailín na bordaí ag tuitim ar;is agus an bord amháin a[g] tuitim na dhiag (!) na [m]bordaí eile.
D'fhiafhruidh sí ar a máthair ar chuala(dh) sí iad an uair seo agus dubhairt a máthair nár chuala(dh) sí. Annsan chuala(dh) an cailín arís iad ag tuitim agus dheineadar glór mór an uair seo. Níor chuala(dh) a máthair an glór an uair seo leis. Timpeall ceithre (ceara sa lámhscríbhinn) mí [i]na dhiag sin fuair a máthair bás.Nóra Ní Shéaghdha (an cailín a chuala(dh) an glór) d'inis é seo dhom.
Máighréad Ní Chathasaidhe, Sgoil Leithead.- Bailitheoir
- Máighréad Ní Chathasaidhe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann