Scoil: Leithead

Suíomh:
Lehid, Co. Kerry
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Scéal Dómhnaill na Réicí”
  4. XML “Scéal na bhFeara a Bhí ag Imirt Liathróide san Oíche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear na gcomhnuidhe i gCnoc i dTighe fadó is bhí feirm beag talmhan aige ann. Ní raibh aige ach aon drifúir amháin. Núair ná raibh Dómhnall ábalta an cíosa do dhíol, do chuir "French" amach as an talamh é. Is thug "French" post do, cun dul mór thimcheall an dúthaigh ag bailiúan cíosa do fhéin. Deireann mórán daoíne na raibh aoinne raímh cómh cliste leis. Núair ná raibh na daoíne ábalta cun airgead a thúbairt do na sagairt, do théigheadh Dómhnaill ann is do léigheadh sé an (burial service) do na daoíne. Bhí drifiúr aige, darabaineamh Máire na Tóna. Thug na daoíne an ainm sin uirthi, mar do bhí Máire, cailín eile ar an dtrá lá ag baint feamnaigh. Do bhí ná fir ag gearradh, is do bhí mó agus an cailín eile ag tarrach. Bhíodar ag tarrach ag tarrach agus i gcionn tamaill, deirigh troid e do bhí na fir ag lárighortha, is do bhí an cailín ag sgreachaigh. I gcionn tamaill rug Máire ar an chailín, is do shuidhe sí anúas uirthi, is ón lá san amach, do ghlaodar Máire na tóna uirthi.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí feara i mbunátha fadó, is chuadar ag imirt liarthóide san tráthnóna le cúpla garsúin tímpcheall na háite d'fhanadar ag imirt go dtí a dó dhéag a chlog san oídhche, mar bhí an geal gealaíde ann tímcheall a dó dhéug a chlog, thánaig fir beaga
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobháin Ní Dúnaighe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Eóin Ó Dúnaighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73