Scoil: Leithead
- Suíomh:
- Lehid, Co. Kerry
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 015
- XML “Scéal na bhFeara a Bhí ag Imirt Liathróide san Oíche”
- XML “I dtaobh na dTriopall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach i lár na páirce. Bhí cáipíní dearga ar na púcaí is cótaí dubha ortha. Bhí líarthóid acu féinm is do thosnuídear ag imirt. Thosnuigh na fir eile ag imeacht abhaile, is núair a bhíodar ag dul amach as an bpáirc, thosnuigh gaoth ag séideadh is do sciob sé leis caipín duine acu, rith sé in síaid a chaipín agus núair a rug sé air, thosnuigh na púcaí go léir ag gáiraíde fé. Cúaidh sé abhaile, agus cúpla seachtmhaine na díaidh sin fúair sé bás. Seán dubh abainm an fear. Bhí athaine ag Sean Eóin air.
- San loch í mBunátha tá dá thriopall intí, agus gach mí Bealtaine fadó do theigheadh na triopaill mor thímcheall, agus thugadar fé ndeara go raibh ceann acha ag dul mór thímceall bachach. Do bhí fear i Neidín fadó, is do bhí sé ana maith chun féír do ghearradh is do thógadh sé an féar ar "contracht." Chúaidh sé amach óidce geal chun féir do ghearradh, mar cheap sé go raibh breachad an laé ann. Bhí sé ag gearradh is ag gearradh núair ná raibh sé ábalta chun seasamh, agus béígin do d'faghailt. Chúaidh sé abhaile is bhí sé san leabaidh ar feadh mí. Ar feadh an amha san, bhí taidhreamh aige, dá dtéigheadh sé go dtí an loch, beadh an tuisge ar nós fola, agus núáir a beadh sé ag teacht abhaile beadh sé ar nós bainne. Núair a bhí a thurus déanta aige, chúaidh sé go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Dúnaighe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 87