School: Bun Inbhir (Bunaneer) (roll number 10241/2)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Chonchubhar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bun Inbhir (Bunaneer)
- XML Page 275
- XML “An Glas Gaibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Ghlas Gaibhne
Deirtear gur le Lon de Thuath Dé Danann an bhó glas seo.
Deirtear go dtálfadh an Ghlas an oiread bainne agus do chothuigheadh Lon féin, a chlann agus a seirbhísigh go léir. Dá brigh seo chuaidh a tuairisc ar fuid na dúthaighe.
Níorbh fhuirist í ghoid, ámh, ón ngabhainn, mar do bhíodh duine ghá feighilt aige irith an lae, agus ins an oidhche théigheadh sí suas imeasc na gcnoc. Rud eile, bhíodh a crúba ar dtuathal ar slíghe is nár bhfhéidir d'aon-ne a tóir do leanamhaint.
Fé dheire d'eirigh le ceannuraidh na bhFomórach í ghoid ó Lon.
Deirtear gur mhair sí go aimsear na Féinne agus go dtáladh sí bainne dóibh go léir.
Ins gach áit na mbídís ag cur fútha dheinidís cró don ghlais agus is mar seo a gheibhtear a h-ainm ina lán áiteanna ar fud na h-Éireann mar atá Árd na Glaise. Tugtar Glas Gaibhne ar aon bhuin a thálann mórán bainne an lá seo.