School: Bun Inbhir (Bunaneer) (roll number 10241/2)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Chonchubhar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gárlach Goileanach
Do chuir a leas-mháthair an garlach ag lorg na ngamhan lá. Dubhairt sí leis an dóich agus andóich a chuardach dóibh. D'aimsigh sé dréimire agus siúd suas ar bhuaic an tighe ag baint an dín de'n tig.
A chlaidhre, arsa'n leas mháthair, cad é sin agat dhá deanamh?
Táim ag lorg na ngamhan, a mháthair, ar seisean.
'Airiú, a bhitheamhnaigh, ar sise, cad é mar áit é sin duit chun na ngamhan do lorg ann!
Dúbhraís liom, a mháthair, ar seisean, "dóich agus andóich a chuardach dóibh. Sidé andóich agam. Cuardóchad an áit seo ar dtúis dóibh, ó sé is giorra dhom. Nuair a bheidh an áit seo cuarduighthe agam imtheóchad agus cuardóchad dóich.