School: Bun Inbhir (Bunaneer) (roll number 10241/2)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Chonchubhar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0466, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0466, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun Inbhir (Bunaneer)
  2. XML Page 279
  3. XML “Laethanta na Riabhaiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Laetheannta na Riabhaiche
    Laetheannta na Riabhaiche siad na trí laetheannta deiridh den Mhárta, nó an chéad trí lá den Abrán. Níl aon deimhin ar cioca mí de'n dá mhí go mbaineann na laetheannta so léi ach is deimhin go mbainid le mí éigin den dá mhí sin.
    Is minic a d'airigheas gur le Abrán a bhainid. Seo mar a tugadh "laetheannta na Riabhaiche ortha an chéad lá; bhí bó riabhach ann uair fadó agus rug Márta an-fhuar agus an-gharbh uirthe. Fuair sí a dóithin de'n aimsir agus d'réir deallraimh is ar éigin a rug sí a h-anam léi ach pé scéal é fuair sí an buadh ar an Márta san agus nuair a rug an chéad lá de'n Abrán airthi cheap sí go raibh sí saor ó bhaoghal feasta.
    Do léim sí as a corp agus do labhair go neamhspleádhach agus a dúbhairt a Mhárta fhealltamhail, dá déine thugais fúm, níor fhéadair deireadh a chur liom agus anois ó tá an t-Abrán bog braonach tagaighthe, is beag é mo bheann ort"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. the Days of the Brindled Cow (~51)
    Language
    Irish