Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)

Suíomh:
Curraheen, Co. Kerry
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 209

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 209

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (C.)
  2. XML Leathanach 209
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lánú ann fadó ná raibh aon chlann aca. Do chomhnuigheadar thiar i n-aice le Daingean. Bhí an fear ag cur turnaipí lá agus ní raibh a dhóithin de'n tsíol aige. "Téir do'n Daingean" ar sé, le na mhnaoi, "agus tabhair abhaile leat leath phúnt de shíol turnaipí chugham". Rug sí léi a péire bróg pósta fé na h-ascail, agus dubhairt sí ná gcuirfeadh sí uirthi iad , go mbeadh sí i n-aice baile mór an Daingin. Trí Mám Clasach agus thar Slíabh an Fhiolair a ghaibh sí agus traochadh í. Nuair a tháinig sí go barr an Chlasaigh d'fhéach sí na ceithre h-áirde n-a timcheall. D'iompuigh sí a dá súil go dtí na Flathais agus arsa sí
    "A Dhia mór naomhtha, nach fada fairsing í Éire". D'imthig sí uirthi agus ag Golán na Cille Brice, bhuail sí uirthi agus a péire bróg agus bíodh sí ag gáire cuichi féin nuair a cloiseadh sí ag gíoscán iad. Ráinig sí an Daingean agus cheannuigh sí na síolta agus b'ait léi, nuair a bhí sí ag siubhal na sráide ná raibh aoinne ag tabhairt na mbróg fé ndeara. Seo léi abhaile agus nuair a bhí sí tamall ó'n Daingean bhain sí dhi na bróga. Bhí sí ag cur 'an bóthair di ansan chómh mear agus d'fhéad sí cun na bhéarfadh an oidhche uirthi. Bhí a cosa clogtha ag na clocha. Nuair a bhí sí ag déanamh suas ar bhárr an Chlasaigh bhí an oidhche ag tuitim agus an bhean bhocht ag bogh sodar agus gan í ag tabhairt aon aire do sna clocha, nuair, slán mar innstear é, bhuail sí a cos ar cloch agus baineadh barra na méire dhi. Sé céad rud a dhéin sí ná í féin a chaitheamh ar a dhá ghlúin, adubhairt:-
    Céad moladh leis an Rígh dhil
    Gurb é an lúidín atá díomsa,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Ní Clubhain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Knockaunglass, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Máighréad Uí Clúbáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    86
    Seoladh
    Dooaghs, Co. Kerry