Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)

Suíomh:
Curraheen, Co. Kerry
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (C.)
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Saibhreas i dTaisce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear go bhfuil croca óir i bhfolach sa choill i nGleannbeithe ach níl fhios ag aoinne i gceart cé chuir ann é. Ach deir cuid de na sean-daoine gurbh iad na h-Éireannaig a chuir annsan é tar éis teacht na Normánach i dtír i n-Éireann i dtreo is ná bhfaghadh na Normánaigh an t-airgead.
    Thug daoine iarracht é fhághail nuair a bhí an choill dá ghearradh timcheall fiche bliain ó shoin. Bhí rian ar an gcrann go raibh an t-ór i bhfolach fé na bhun. Bhí spíce mór ráidhte isteach ann ach ní fhéadfaidh an spíce dfheiscint.
    Bhí an crann bainte aca nuair a chonnacadar go raibh an spíce ann agus annsan níorbh fhios dóibh cár fhás an crann ina raibh an spíce
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Churráin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Curráin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Seoladh
    Reennanallagane, Co. Kerry