School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 028
  3. XML “An Gadaí Glic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Gadaidhe Glic
    Do bhí fear ann fadó darab ainm Seán Mhichíl. Gaduidhe do b’eadh é, agus oidhche amhain do sgiob sé leis gé ón sagart. Do tháinig aithreachas air sheachtmhain ina dhiaidh, agus chuaidh sé cun faoisdine. Dúbhairt sé leis an sagart gur sgiob sé gé ó dhuine éigin
    Dúbhairt an sagart leis ná fhéadfa sé an pheaca mhaitheadh dhó muna dtabharfadh sé an gé thar n-ais do’n duine gur leis í. “Tabharfaidh mé dhuitse í a athair” arsa Seán Mhichíl. “Ná tabhair dómh in aon chor í, ach tabhair leis an duine gur leis í” arsa an sagart leis. “Bhfos gá tabhairt dó, acht ní glachfadh sé uaim í,” arsa Seán Mhichíl. “Ná bac í mar sin,” arsa an sagart, agus thug sé aspolód dó. D’imthigh an fear abhaile go sásta.
    Pádraig De Búrca a sgríobh
    Micheál Ua Siochfradha (60) d’aithris
    Cúl-na-h-Airighíl
    Gleannbeithe.
    Co. Ciarraidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig de Búrca
    Gender
    Male
    Informant
    Micheall Ua Siochfradha
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Coolnaharragill Upper, Co. Kerry