Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 170
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cnapóga ime do choimeád ón gcéad cuigionn agus annsan bheidh ag leis go deire na bliadna.
Nós eile ná salainn a chrathadh ar dhrom na bó nua beirtheNuair a caillfí ainmhidhe ar dhaoinibh eile rud a dheunfaidís na cos dheas tosaigh a chur i dtaisge go cúramach nuair a cuirfí i bpoll an ainmhidhe. Bhíodh tighthe timcheall fadó agus i bpollaibh ins na seimnéithibh nó fé’n scraith bhíodh cosa-mór chuid aca. Cheapaidís go ‘ndeineadh an an iomchar san an mí ráth do chur thárrsta.
Daoine eile ann a fhanadh an lá amuigh nuair a chídís meaig aonair. Bheadh uatha an tarna ceann d’fheiscint.
Capall nó sean choileach ní dheunfaí riamh iad do chur chun báis acht chuirfí uatha ar chnoc nó sliabh iad i bhfad ón dtigh
Nuair a doirtfí salann, dheintí é chaitheamh thar ghualainn. Is dócha go raibh san aca ó aimsir Judas.
Ní raighadh duine riamh fé dhréimire. Dá ndeineadh sé thugadh sé an t-ath thuras fé.
Iascaire le na mbuaileadh bean ruadh ar bóthar fanadh sé ag baile an lá san mar bheadh a fhios aige ná beadh aon mhaitheas ann do bheith ag iascach an lá sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)