Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Na Daoine Maithe”
  4. XML “Liam Scot”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Liam Scot
    Bhí fear ann fadó dar b’ainm Liam Scot. Bhí sé na chomhnaidhe ar mhullach Cnoic Srónlocháin ar an áit go dtugtar Coll Fhaidhe air. Bhí cúigear mac agus aon inghean amháin aige. Cailín áluinn do bead í. Bhí sé mar dhlíghe ag na buachaillí bána i-n-aon áit go gcloisidís go raibh cailín ann raghaidís fé na dhéin chun í breith leó do lámh láidir. Aon oidhche amháin do ghluaiseadar ón dtaobh thiar d’Éirinn n-aonbhar nó deichniúr acu agus thánghadar go tig Liam Scot acht nuair a bhrath an cailín iad ag cuir an dorais díobh do rith sí sa tseómra i bhfolach ortha. Nuair a thánghadar isteach d’fháilthigh fear an tíghe rómpa. D’fhiafhruígheadar de cá raibh an inghean a bhí aige agus í tabhairt chúcha láithreach gur thánaghadar i bhfad ó baile fé na dhéin agus go gcaithfhidís í fhághail. Dubhairt Liam gur dócha go bhfaighidís nuair a bhí sé mar dhlíghe acu agus dubhairt sé leo arís go raibh sé mar bheas aige féin gan aoinne a leogaint amach gan greim bídh d’ithe agus go gcaithfaidís suídhe síos agus suipéar d’ithe. Bhí caoire marbh ag Liam agus chuir sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.