Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Liam Scot”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    síos an chaora. Ní raibh sí i bhfad ag beirbhú agus nuair a bhí sí beirbthe tógadh í agus cuireadh chúcha a suipéar agus nuair a bhí sé ithte acu do thairg fear an tíghe siar a chathaoir agus do thosnuig sé ar an amhrán do chanadh dhóibh agus nuair a bhí sé críochnuighthe aige do bhuaileadar an doras amach go buidheach beannachtach agus níor chualadar fé dhéin aon cailín riamh ó shion mar do stiúraidh sé ar a leasa iad.
    Seo é an t-Amhrán:-
    Teagasg a thugaim díbh gan cealg ó’m chroídhe a ghasrad an gníomh éachtaig
    Seachnaighidh an t-olc atá le fada ionnaibh mar locht,
    ‘S Leannaig an t-Órd Naomhtha,
    Feacfaimís cár thriall ar imthig úainne riamh laochra agus Fiannna Éireann
    D’imthigheadar rómhainn mar a bheadh scamall beag de cheó
    Agis taid siad ar feódh a’ge daolaibh
    11.
    Feachfaimís arís ar gach beart agus baois do dheasgaibh agus do dhíth na céile
    Go dtiocfhaidh Mac Dé agus a choisde le na Thaobh chun ár gcúrtha go léir d’éisteacht
    Suidhfhidh Sé amuigh ar Mhaoileann an chnoic agus chídhfear é na Chrois Céasta
    Leabhar aige na lámh,
    Sé ag glaodhach annsúd ar ár gcurtha ag É ghá léigheadh dhúinn
    111.
    Ní díon dúinn annsan na coillte ná na cnoic
    Agus díolfam as na curtha saoghalta
    Lasfaidh an spéir agus an fharraige thréan agus an talamh go léir go réibfear
    Tiocfhaidh adthuaidh go feargan-ta fuair deamhain agus sluaidhte an tsaoghail seo;
    Scriosfhaidh siad leó go h-Ifrionn gan moill gac anam bocht annsud a dhaorfar
    Dúbhshaig an ghrian ar Mhúscailt na ndiabhal chun líon dubh na bpiann d’eisteacht
    Mo creach agus mo chás nach dealbh é mar lá, munár go cathair geal na ngrást a d’tréaltham
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonchúbhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Connchúbhair Uí Connchúbhair
    Inscne
    Baineann