School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 295
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt sé leis dul cun gach saghas spóirt agus bheith ag dul ó áit go h-áit ar maithe a shláinte. Déin acht níor déin sé aon maitheas do. Lá bhí sé na seasamh ar chuan agus tháinig long isteach. Chuaidh an Captaoin cun cainnte leis agus dubhairt an buachaill leis go raibh sé ag teastal ar maithe leis a shláinte. Dubhairt an Captaoin leis é gluaiseacht leis féin agus cuireadar cun fairrge. Tangadar í dtir gCathair mór san Gearmain agus cuireadar fúta í dtig ósta. Bhí a lán daoine móra ann. Bhí duine agus aca go raibh coiste dá capall aige agus tháinig sé cun cainnte leis an buachaill. Is tú an buachaill is breághtha dhá bhfeaca sa riamh acht ní fada a mairir. “Mar maithe dom sláinte a thanga annso” ars’ an buachaill. Tá sé comh maith agat gluaiseacht liomsa ars' an duine uasal agus gluais sé in aonfeacht leis. Taréis teacht go dtí an tighe mhóir doibh bhí suipéir aca. Cuadar a chodlad agur ar maidin lar na mhaireach taréis breacfeasta dhóibh gluaiseadar cun na baile mhóir arís. Bhíodar ag ól agus ag cainnte í gcaitheamh a lae. Sa cainnt doibh d’innis an duine uasal don mbuachaill go raibh ingean aige sa bhaile nár osgail a suile le seachtmhain agus ná raibh aon mhaitheas ínnti le blianta. Teasbáineann duit í aréir acht ceapas ná illuneach sí tú mar go rabhais ró lag. “Ná bac san” ars an buachaill “teasbain dom í.” Nuair a cuadar abhaile taréis suipéir doibh tóg sé go dtí an seomra na(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Briain
- Gender
- Male