Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 036
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níor luig an ghorta throm ar na daoine daoine tímcheall na h-áite seo. Ach do thagadh na bochtain ó na paróiste eile chun biadh dfhághail. Seo sceul mar gheall ar an.....
Do bhí fear I gCnoc.....i bparóiste na Dromada in am an gorta agus bhí sé leath - marbh leis an ocras. Oidhche amháin bhí sé ag dul treasna na habhann le ciseán feola. Taréis í goid a bhí sé. Nuair a bhí sé ag dul treasna na h-abhann bhí sé chómh lag san gur leag ualach an ceiseáin é agus badhadh é. Thóg an tuille léi síos é go dtí na h-ínse i gCillín-liath agus do cuireadh ann é.
Seo sgeal eile mar gheall ar an ghorta. Do bhí fear i na chómhnuidhe thoir ins na Gleanntaibh, I gCiarraighe Theas. An Peatuigeach a bhí mar leas ainm air. Do bheathuigheadh sé é féin ar na caoire a goideadh....
Oidhche amháin ní raibh pioc len ithe aige. Bhí an sneachta ar an dtalamh agus ní fhéadfadh sé aon nídh d fághail.
Do bhí blonag na caorach a bhí ithte i bpróca mór. Do dhein sé an tlú do dheargadh sa teine agus do sháith sé isteach i bpróca an bhlonaigh é. Do dhein san an blonag do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Kerry