Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)

Suíomh:
Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Siochfhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Máistir Gaoithe
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí long píaráití darb ainm an Hercules. Bhuail sí ar faill cloiche atá leis an bhfairrge ar an Rinn Ruadh thiar sa Priárac agus nuair a bhuaileadh ar dtúis í ar an gcarraig cuaidh sí tamall in dhiaidh a cul agus bhuail sí arís agus dúbharthas gur chualaidh na daoine a bhí ar an bport ór ag silleadh síos tríotha fé mar a bheadh grean ag tuitim as trucaill. Bhí fuireann ar bórd uirthe agus báthadh íad go léir.
    Thóg gárdaí an cósta suas í agus thugadar díbheartha ó Shasana leo agus solatharuigheadar cuid mhaith de'n ór dó'n riaghaltas ach má seadh bhí cuid de na daoine a chuaidh fé' uisge nuair a bhí an oidhche ann agus a fuair cuid maith de'n ór. Bhí a lán dhaoine go raibh mórán saidhbhris aca in diaidh an Hercules. Bhí beirt ban in áit éigin sa Priárac ag tómhas óir le muga le na chéile agus tá sé ráidhte nach fada na bliadhanta go dtí go raibh an muintir a fuair an t-ór chómh bocht agus bhíodar riamh. Bhí smut
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Sheaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí