Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)

Suíomh:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Siochfhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 092

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 092

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Máistir Gaoithe
  2. XML Leathanach 092
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal
    Bhí buachaill ann fadó darb ainm dó Seán Mac Séamais. Buachaill ana bhreágh a beadh é. Cuaidh sé ar aonach aon lá amháin. Tháinig bean uasal dó ag triall air agus tug sí ubhall dó. Níor thóg sé an t-úbhall ach gaibh sé a buidheachas léi. D’imthigh sí uaidh ach tháinig sí arís agus smut de úbhall aici. Bhí náire air gan an t-úbhall do thógaint agus d’ith sé é.
    D’imthigh sí uaidh ach lean sé í go dtí an liosachán mar sin é an áit go raibh sí na cómhnuidhe. Bhí sé so liosachán geall le seacht bliana.
    Annsan cuir sé tuairisc dá athair teach á iarraidh. Geall an t-athair d’aon bhean a raghadh á iarraidh go dtabharfadh sé dhi é. Bhí aon bhean óg agus cuaidh sí á iarraidh. Nuair a cuaidh sí isteach so lios is é seo an cómhrádh a tharla idir í féin agus an mnaoi eile.
    Móra is Críost duit a Clíodhna glé geal
    No conus tá an fear sin Seán Mac Séamais
    Ar phós sé fós no an bhfuil sé gan céille
    No an bhfuil aon óigbhean ar t-eólas réidh leis

    Cé thú féin atá á éileamh
    An tú aoibhinn donn deas na carraige léithe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shíothcháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Inse na Toinne, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Síothcháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Inse na Toinne, Co. Kerry