Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)
- Suíomh:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán S. Ó Cuimín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thagadh mórán daoine ag guidhe agus ag trosgadh go dtí an tobar seo, go mór-mhór nuair a bheadh duine muinnteardha leo breoíte. Trí lá i ndiaidh a chéile a chaitidis ag guidhe. I measg na bpaidir a bhíodh a rá de ghnáth bhíodh paidir speisialta acu ag impidhe ar an naomh - Seo é.
Go mbeannaighthear dhuit a Gobnait Naomhtha.
Go mbeannuighidh Muire agus na Naoimh go léir leat.
Triall ort-sa a thanasa ag gearán mo sgeil-se
Agus táim ag iarraidh leighis i gcúnntas Dé ort.
Bean Uí Siochfradha 50
Cathair Saidhbhín.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Siochfradha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cahersiveen, Co. Kerry