Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)

Suíomh:
Garranearagh, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán S. Ó Cuimín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 194

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cnoicíní
  2. XML Leathanach 194
  3. XML “An Sionnach agus an Coileach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Sionnach agus an Coileach
    Bhí an sionnach t’réis coileach a scuaba leis as fuilín na gcearc uair. Pamach mór de coilleach reamhar beathuighthe do b’eadh é go raibh lán corcán nuair a tháinig sé chómh fada le an pluais leis. Do leig sé chuige ar a mbán é chun é marbhú is d’ithe do féin. Bhí greim aige ar bhaic a’ muiníl air agus a dhá lapa tosaig anuas ar a dromaighe i slí is go raibh a’ fear bocht i gcruadh-chás. Bhí sé díreach cun an ceann a sciota de nuair a labhair an coilleach.
    “Anois a sionnaig” ar seisean “Badh ceart duit bheith ana-bhuidheach do Dhia i dtaobh mise a bheith agat le n’ithe is b’é ba lúgha is badh gann duit a dhéanamh ná altú ód croídhe amac sara n’íosfá mé. “Bádh mhaith an smaoineamh é gan aon dabht” a dubhairt an sionnach “an té féadfadh altú a deanamh ac sin rud nár tháithigheas riamh is ní h-eól dom connus é déanamh ach chómh beag. “Ná bíodh san mar leath-scéal agat feasta” ar san coilleac. Muinfeadh-sa dhuit cionnús altú roimh biadh mas maith leat é.
    “Bheinn ana-bhuidheach díot dá ndéanfá” ar san sionnach. “Tá go maith mar sin. Chuir do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. foxes (~151)
    Innéacs seanscéalta
    AT0061: The Fox Persuades the Cock to Crow with Closed Eyes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán T. Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    54
    Seoladh
    Garranearagh, Co. Kerry