School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Stáca Sheán Duinn (Baile 'n Sceilg)
(1)
Aréir im' aisling is mé ag machtnam t'réis mé síneadh
Ar mo stáicín tuighe a bheith i dtuinn dá bádh
Is nách bhuadhartha a bhí m'aigne i gcaitheamh na h-oidhche
Le h-eagla gur daoine do cur ann lámh(2)
Do samhluigheadh trem'[?] chodhladh dhom gur gheibheas go dtí é.
Ní raibh mar a bhí sé ach luchaig ann ar snámh.
Ó gur greadas-sa mo bhasaib, is gut chromas ar é chaoneadh,
Is gur chuardígheas gach díg de, síos go dtí an Caisleán.(3)
Gur phreabas-sa chun reatha, féar a' bhfaighinn gan mhoill é.
Is do leanas barra taoide, gur gheibheas go dtí an t-ádh
Bhí gála, agus tarrac ann, is béigean dúinn gabháil tímcheall
Chun é chuardach airís go dtípoinnte na mbárc,(4)
Do bhíos-sa fuar leathta, fé ocras is íotaig
Is gan aon stór im' tímcheall do cheanneóchad dom arán
Ó, go rabh-as ag filleadh abhaile, chun gur bhuail Seán a' D'rín[?] liom
Is do thuig mo dhóthain bíd dom, is do bhí agam leis gádh(5)
D'fiafhruig díom an flathartach, cad a sheol an tslíghe me.
Nú ar mhiste dhom é ínnsint, cad é an fáth gur fágas Ceannárd
Dubhart, gur stáicín coirce liom, a bhí imighthe t'réis na h-oidhche
Aige tuille de dhruim tíreach[?], a sciob é amach fé'n mbádh(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Conchúbhair Ó Dálaig
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Cinn Aird Thoir, Co. Kerry