School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Eoghan Ruadh 'na buachaill aimsire age duine éigin i gConntae Luimnigh, gur raibh feirm tógtha aige ann. Do bhíodh sé ag reamhrú stuic ann. Eoghan a bhíodh ag reamhrú agus ag tiomáint an stuic dó. Casadh isteach go tig i gContae Luimnigh uair é. Bhí beithidheach marbh sa tigh agus a chosa tosaigh ar crocadh anuas. Nuair a bhí a shuipéar iththe aige bhí sé féin agus fear an tíghe ag cainnt mar gheall ar an saoghal agus ar an aimsir. "Is dócha ," arsa Eoghan," go bhfuileann sibh-se go maith as anseo.." "B'fhéidir gur dhéich leat," arsa fear an tíghe"."Ó arsa Eoghan," níl beithidheach ar crocadh ag aoinne ach daoine atá go maith as." "Sin í an beithidheach daor orainn," arsa fear an tíghe." Conus san ," arsa fear an tíghe. "Tá , táimíd ag aodhaireacht annso age duine uasal,agus go deimhin chun na fírinne a rádh , tá sé an -mhaith dúinn.. Tá droch- chómharsa againn ar an dtaobh eile de chlaidhe na teorann, agus níl aon ainmhidhe againn ná fuil i gcontabhairt aige iad do mharbhú. Tá sí sin mar beithidheach a chíonn tú ar crocadh anuas, bhí sí anáirde ar chlaidhe na teorann cúpla lá ó shoin,agus bhí an mí-ádh chómh mór san orm gur chaitheas cloch léi. Cá mbuailfinn í ach sa chois, agus do bhriseas an chos agus b'éigean dom í mharbhadh. Caithfidh mé díol aisti leis an(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry