School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 089
- XML “An Coileach Dearg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Coileach Dearg
Bhí baintreabhach ann fadó, agus bhí triúr inghean aice. Do bhíodar ana bhocht, agus mar gheall ar sin, dob éigean dóibh dul go dtí an tráig gach lá, ag bailiúghadh cnósach trágha. Lá amháin, chuadar go dtí an tráig, agus ní fada a bhíodar ann nuair a chualadar coileach ar glaodhach i mbárr na faille. Dubhairt an cailín ba shina le na driféaracha go leanfadh sí an coileach, agus dhá bhéadfadh sí breith air go mbéarfadh sí abhaile é. Seadh d'imthig sí sa tsuíbhal 'na dhiad, agus nuair a chuiad sí anáirde ar an bhfaill, is amhlaid a bhí preabaire d'fhear óg annsan roimpe. Do bhí an fear óg so fé dhraoidheacht, agus an fhaid a bhí an cailín ar an dtráig, do bhí sé i gcódh coilig, agus nuair a chuaid sí anáirde ar an bhfaill, do bhí sé 'na fhear. Téanam i n-aoinfheacht liomsa ar seisean léi. D'imthig sí lena chois, agus níor stadadar go dtí go dtánghadar go dtí tig breágh. D'oscaluigheadar an doras, agus do chuadar isteach. Ní raibh duine, ná daonaidhe istig rómpa, ach amháin cat agus gadhar. B'iad san athair, agus máthair an fhir óig seo, agus do bhíodar fé dhraoidheacht. Do tugadh a dóthain le n-ithe, agus le n-ól do'n chailín, agus annsan dubhairt an fear léi gach seómra sa tig a ghlanadh amach(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Liam Ó Cróinín
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- Clochán na nUagh, Co. Kerry