School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 171
- XML “Capaill”
- XML “Na Buachaillí Bána”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa bhearnain. D'innis an gaol do gur ghuid sé capall ó na chómharsain agus dá dtabharfai an capall eile do'n chómharsain go mbeadh an sgeal i gceart aige féin. D'imthigh an sprid nuair a bhí an méid sin ráidhte aice. Thug an fear capall do'n chómharsain gur goideadh an capall uaidh agus ní deirtear gur cuireadh aon chúramai eile air ná go bhfeaca sé an sprid a thuille.
- Tímcheall na bliana 1800 bhí na Buachaillí Bána in Éirinn agus bhíodar go neamh-thrócaireach agus gan truagh do dhaoine. Lá amháin bhí sean-duine ag gabháil a bóthar ó Shráid a Mhuilinn go Máma. Bhí a phaidirín na láimh aige agus is dóichíghe gur ag rádh a phaidreacha a bhí sé agus é ag cur an bothair de ar a shuaimhneas. Tháinig na Buachaillí Bána suas leis agus do lámhadar é agus do chaith duine aca anáirde ar a chapall féin é agus deireadh sé leis anois agus airís "Abair do phaidir anois".