School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (roll number 14107)

Location:
Castletownroche, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Luineacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 091

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0372, Page 091

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.)
  2. XML Page 091
  3. XML “Crann na hOla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in a chómhnuidhe i gClaonar in aice Crann na h-Ola, agus níor theastuigh uaidh in aon chor an Patrún chun an tobair. Dubhairt sé le duine éigin ná beadh se ann a thuille. Chuaidh an Ráfla amach agus nuair tháinig an lá níor chuaidh ach fear amháin go dtí an tobar.
    Nuair chuaidh sé laistigh de n gheata a bhí in aice leis tháinigh cailín caol árd suas leis agus do lean sí é go dtí an tobar. Nuair do shroiseadar é, do chrom an cailín síos agus thóg sí braon uisce láithreach bonn baill. Do thriomuigh an tobar. As go bráth leis an gcailín annsan agus an braon uisce 'na láimh aici, agus nuair a tháinig sí chómh fada le h-Átha na Cise do chaith sí an braon beag ar an dtalamh, agus d'éirigh an Tobar ann annsan.
    D'airigh an fear a bhí i gcoinnibh an patruín an sgéal, agus tháinig eagla air, dubhairt sé go gcaithfeadh sé séipéal do thógaint ann, mar b'é féin a bhí bun leis an dtriobloíd.
    Deirtear gur b'é sin an chúis gur cúireadh Seípéal Átha na Cise in[?] áit in a bhfuil sé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish