Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mayo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rópa thuit an fear síos i bpota anbhruith agus sgalladh é. Sgéal crabaid.
Bhí Dia agus Naomh Peadar ag siubhal an bhóthair lá. Tháinig siad treasna ar fhear bocht a bhí ar thaobh an bhóthair agus d'iarr sé déirce orra. Bhí Naomh Peadar ag dul a tabhairt deirce do acht dubhairt Dia leis gan seirce a thabhairt do. Nuair a bhi siad ag teacht ar ais arist casadh leo an fear ceadna agus bhí sé marbh. Dubhairt Naomh Peadar go mba ceart dobhta an déirc a thabhairt do cheana. Bhí cóta air agus bhí go leor píosaí air agus stroic Naomh Peadar é agus bhí sé líonta le ór. Dubhairt Dia leis an ór a chaitead isteach i loch.- Bailitheoir
- Áine Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann