Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baile Uí Fhiacháin
Maidir le sgéal an bhaile mhóir seo ní féidir ainm speiséalta aon duine do luadh mar tá sé ag óg is aosta, is seo tíos mar tá sé acu.
Comh fada anuas le am Chromail Dhuibh na mallachta ní raibh (tasg na tuairisg) aon bhaile le fágail ann. Ní raibh ann ach fásach díthreabh. Ach bhí baile beag trachtála umcheall míle ar an taobh ó thuaidh sé. Burgus Umhaill ainm an bhaile sin. (An mainistear agus an clochar príomh-bán an bhaile sin is dócha) Míle ar an taoibh ó theas de freisin bíadh baile beag eile. Ní raibh an baile seo comh mór na chomh tabhachtach le Burgus Umhaill. Ar fás do Bhaile UÍ Fhiacháin chuaidh an dá baile seo in éag.
Clann darbh ainm dóibh Ó Fiacháin a chuir ar bun ar dtús é. As Cúige Ulaidh an clann sin ach dhíbir saighdiúirí Chromail iad as a talamah saibhir sin. D'imthigh siad rómpa agus scop níor bháin dóibh gur shroiceadar an fhairrge mhór. Ar ndóigh níorbh fhéidir leó dul níos fuidhe muna lúmidis amach thar na caithreacha móra.(leanann ar an chéad leathanach eile)