Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin

Suíomh:
Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr Padraig
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Manach Eile as Burgus Umhaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 20.6.34
    Bhí manach eile i mBurgus Umhaill uair. Fear an-naomhtha abhí ann, ach bhíodh rud amháin ag déanamh buaidheartha dó. Níor fhéad se na focla seo dho thuigsint "Tá míle bliadhain mar lá ins an bhflaitheas".
    Ag déanamh léar-smaoineamh dó ar chúis a bhuaidheartha, bhuail sé amach maidin amháin. Bhí coill in aice leis an mainistear agus thug sé an choill seo air féin. Ba ghearr gur cuireadh isteach air. Thuirling éan mór bán go díreach os comhair an mhanaigh amach agus thosnuigh ag cantain ar a mhíle dicheall. Stad an manach agus d'éist sé. Le na beó níor chuala sé aon rud abhí leath chomh binn leis (?) an gcantain aoibhinn aereach sin. Go tobann d'éirigh an t-éan agus (d'eilt) deitil cúpla slat. Lean an manach é go fonnmhar is go deifreach ar eagla go gcaillfeadh sé aon nóta den cheól. Bhí sé faoi dhraoidheacht aige agus níor fhéad sé corrúighe. Chaith sé, mar cheap sé féin cúpla uair ag éisteacht leis an éan iongantach, sul a stop sé agus d'imthigh as radhairc. Annsin d'fhill an manach go brónach smaointeach abhaile. Ar shroichint na mainistreach dó baineadh geit as. Casadh manach air nach bhfaca roimh roimhe sin.
    "Fáilte romhat" ars an sean mhanach "cén t-am ar tháinig tú, mar níor thugas faoi deara thú ar maidin".
    "O" ars an manach óg "táim in mo chomhnuidhe san mainistear seo le deich mbliadhain anuas, ach ní fhacas tusa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge