Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “An Chuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin san seachtmhain a deineann mo mháthair cuigeann mar tá an geimhridh ro-fhuar dos na buaibh agus níl a shaith bainne aca. Ta cuinneóg againn sa mbaile agus is lé'n ár lámha a déinimíd an chuigeann. Tá cuinnéog ag gach duine beagnach timcheall na h-áite seo.
    Nuair a bhíonn gach duine mo mháthir ag deanamh maistir cuireann sí uisge berbuighthe isteach san chuinneóig agus nigheann sí é. Annsin doirteann sé amach an t-uisge salach. annsin cuireann sí isteac an bainne reamar 'san gcuinneóig agus cuireann sí rud ar a tugtar luithne isteac san gcuinneóig annsin an clúdhach agus an claíbín.
    Sul a thosnuigheann sí deíneann sí comhartha na croise uirthi feín is ós cionn na cuiginne ionnus go mbhéidh ráth ar an im, agus ní leigeann sí aon rud amach an fhaid is a bíonn sí ag deanamh maistreadh. Nuair a thagann an t-im ar bhárr an bainne bhíonn an cuigeann deánta. Agus tógann sí amach na h-úirlisí. Nuair a bhíonn sí ag tógaíl amach an leithne déineann sí comhartha na croise leis ós cionn na cuiginne agus cuireann sí timcheall na cuinneóige trí uaire é.
    Nuair a bhionn sí ag tógáil amach an ime nigheann sí a lámha le uisge berbuighthe agus tógann sí amach an tim. Cuireann sí isteach í baísin uisge é cun an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Éil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leargain, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Mic Éil
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann