Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an tsean aimsire ní chaitheadh na daoine péire bróga go dtí an mbeidís fice blian d'aois agus annsin do bhidís an curamach in a dthaob. Nuair do théigidí go dtí an baile mór do bhíodh na bróga faoi na asgail aca go dtí go mbéidí beannach istigh sa mbaile mór agus annsin do caithidís na bróga an fhaid is a bhíodh siad ann, acht nuair do thagadh siad amach as an mbaile mór ins an trathnóna do bhainidís a bróga ríobh. Nuair a bhidís ag obair sa mbaile do bhíodh sean gioblacha thart timcheall na gcos ag cuid aca agus do bhíodh an cuid ba mho acu cos-nochtuighthe.
    Seo sgéal a chuala me i dtaobh bean a bhí in a comnaide i nGríanán fadó darb ainm Stiopán. Tá a mac agus a fear chéile beo fós. Bliain amháin nuair a bhí a fhear chéile i Sasanach tháinig cúpla bean comhasana chun cabrú leí chun an coirce do thabhairt isteach sa ngairdhín agus chun stáca a dhéanam de. Do bhain siad a lán driseóg le corrán chun iad do chur faoi'n stáca coirce. Nuair a bhí na driseóga réidh chun an stáca a dhéanam, bhí an bhean cos nochtuighthe agus bhí a cosa chomh cruaidh sin is do léim sí isteach ar na driseógaibh agus ní dheachaidh na dealga suas in a cosaibh agus do rinne sí an staca coirce.
    Is gnátach le paistí an lae indiu dul cos nocht ar feadh an tsamhraidh agus nuair a nigheann siad a gcosa san oidhche deireann na sean daoine nar cheart an t-uisge sin a doirteadh amach mar b'éidir go doirtfid tú an t-uisge
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brígidh Ní Cuimilín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Flionn
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann